‘Buaidh is piseach’ – Comhdháil faoi Ghaeilge na hAlban #gaidhlig #gaeilge


Reáchtáil meitheal machnaimh Pharlaimint na hAlban Scotland’s Futures Forum comhdháil faoi Ghaeilge na hAlban ar 6ú Nollaig. Is é ‘Buaidh is piseach – Scotland 2030: Gaelic – what would success look like?’ a b’ainm di.

B’é aidhm ná comhdhála breathnú ar aghaidh ar an áit a d’fhéadfadh agus ba cheart a bheith ag Gaeilge na hAlban in 2030 agus níos faide anonn.

Ós rud é gur thug duine dár lucht labhartha a aitheasc uaidh i nGaeilge, shíl muid go mba mhaith an rud é post blag a scríobh i nGaeilge dár cuid léitheoirí Gaeilge in Albain agus in Éirinn beirt!

Bhí an Ceann Comhairle Cainneach Mac an Taoisigh sa chathaoir agus chuala muid ó mheitheal cainteoirí: An tOllamh Wilson McLeòid (Ollscoil Dhún Éideann); craoltóir, iriseoir agus ceoltóir Màiri Anna NicUalraig agus An tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh).

Más rud é nach raibh tú i láthair, is féidir leat breathnú ar na léachtaí agus ar thráth na gceist atá le fáil ar líne anois.

Físeán de na himeachtaí sa dá Ghaeilge):

Físeán de na himeachtaí le leagan Béarla:

Ina dhiaidh seo bhí ceardlanna ar siúl agus, cé nár taifeadadh iad seo, beidh tuarascáil lán scríofa faoin gcomhdháil á cur i dtoll a chéile againn go luath amach anseo ina mbeidh na tuairimí agus na moltaí ar fad.

Anseo thíos roinnt de na príomhphointí a rinneadh sna ceardlanna:

  • Is maith an deis a fháil teacht le chéile mar phobal le ceisteanna a théann i bhfeidhm ar Ghaeilge na hAlban a phlé – ní tharlaíonn sé seo minic go leor.
  • Tá sé tábhachtach go ndéanfar Gaeilge na hAlban a normalú i seirbhísí, i bpolasaí agus i straitéis i bpobail Ghaelachas.
  • Tá gá le hionaid ina mbeidh daoine in ann feidhm a bhaint as Gaeilge na hAlban agus chualathas go raibh moil Ghaelacha riachtanach i bpobail thraidisiúnta Ghaelacha (mar shampla, Cnoc Soilleir in Uibhist) agus i gcathracha ar nós Glaschú, Dún Éideann agus Inbhear Nis.
  • Tá forbairt eacnamaíoch thar a bheith tábhachtach do na pobail Ghaelacha ach tá sé bunriachtanach amach is amach go gcuirfear Gaeilge na hAlban ag croí tionscnamh forbartha eacnamaíochta. Ia maith a d’fhéadfadh forbairt eacnamaíoch nach dtugann tús áite do Ghaeilge na hAlban dochar seachas maitheas a dhéanamh don teanga.
  • Tá na pobail i gcroílár fhorbairt na teanga ach teastaíonn tacaíocht, maoiniú agus treorú ón taobh amuigh uathu freisin, ón Rialtas, ó na hollscoileanna agus ó ghrúpaí eile poiblí, deonacha agus príobháideacha leis an mbeart a dhéanamh. Teastaíonn cumhacht breise ó na pobail le cabhrú leo leis seo.
  • Tá an teaghlach ríthábhachtach agus níl aon rud chomh tábhachtach don teanga le seachadadh ó ghlúin go glúin.
  • Tá oideachas Gaeilge thar a bheith tábhachtach agus ba cheart é a fhorbairt agus a leathnú, le breis tacaíochta agus múinteoirí. Níor cheart dúinn a bheith ag súil, áfach, go dtiocfaidh feabhas ar scéal na Gaeilge trí oideachas amháin. Tá deiseanna taobh amuigh den scoil ag teastáil freisin.
  • Tá féiniúlacht tábhachtach don teanga. Caithfidh muintir na hAlban i gcoitinne a bheith níos mothálaí faoin teanga agus tá infheictheacht agus inchloisteacht tábhachtach le haghaidh seo. Tá gá le gníomh le feabhas a thabhairt ar mhisneach Gaeilgeoirí – an dá rud cainteoirí dúchais agus daltaí Gaeilge chun úsáid agus seachadadh ó ghlúin go glúin a spreagadh.

Níl anseo ach achoimre sciobtha – beidh i bhfad níos mó inár dtuarascáil dheireanach a fhógróidh muid anseo agus ar na meáin shóisialta a luaithe agus a bheidh sí curtha i gcrích.

Tá físeán gearr déanta againn le roinnt de na príomhphointí a ardaíodh. Seo an leagan i nGaeilge na hAlban:

Agus seo an leagan i mBéarla:

Má tá tuairimí ar bith agat ar aon rud a ardaíodh ag an gcomhdháil, cuir scéala chugainn ar Twitter leis an haischlib #Alba2030 nó ag an seoladh ríomhphost anseo thíos.

Alasdair MacCaluim

gaidhlig@parliament.scot